Tráth na gCeist agus díospóireacht faoi na toghcháin Eorpacha

 

Tá an t-am chun gnímh ag breith orainn go tapa: reáchtálfar na toghcháin Eorpacha an 24 Bealtaine 2019!

 

Mar shaoránaigh na hEorpa, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn, conas a bhainimid slí bheatha amach nó conas a chaithimid ár gcuid ama, tá tionchar ag an Aontas Eorpach ar ár saol laethúil.

 

Déanann Parlaimint na hEorpa cinntí móra: conas borradh a chur faoin ngeilleagar, conas srian a chur le húsáid fuinnimh, conas a chinntiú go mbeidh an bia a ithimid sábháilte. Nuair a vótálann tú, cinneann tú cé a dhéanfaidh na cinntí sin. Muna gcaithfidh tú vóta, ní bheidh cead cainte agat.

 

Agus sinn ag tarraingt ar na toghcháin an 24 Bealtaine, reáchtálfar Tráth na gCeist maidir leis an Aontas Eorpach. Is cuma más duine mór AE thú nó muna bhfuil tú ró-iontach ag polaitíocht na hEorpa, geallaimid go mbainfidh tú an-chraic as an oíche!

 

Chomh maith le Tráth na gCeist, déanfar plé ar thábhacht na dtoghchán agus conas a bheith rannpháirteach san fheachtas An Uair Seo Beidh Mé Ag Vótáil, ar líne nó i do phobal áitiúil.

 

Mar sin, bígí linn ag 20.00 an 4 Aibreán i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath

 

Táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil ann!

 

When:

 

20.00, Déardaoin an 4 Aibreán 2019

  

Where:

Club Chonradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Claith 2

 

When

-

Where

Club Conradh Na Gaeilge
6 Harcourt St
Dublin 2 Dublin 2
Ireland

Contact

Layla Wade

Will you come?